Fool's Gold
de Altan
Is a Bhríd Óg Ní Mháille
'S tú d'fhág mo chroí cráite
'S chuir tú arraingeacha
An bháis fríd cheartlár mo chroí
Tá na céadta fear i ngrá
Le d'éadan ciúin náireach
Is go dtug tú barr breáchtacht'
Ar Thír Oirghiall más fíor
Níl ní ar bith is áille
Ná'n ghealach os cionn a' tsáile
Ná bláth bán na n-airne
Bíos ag fás ar an draighean
Ó siúd mar bíos mo ghrá-sa
Níos trilsí le breáchtacht
Béilín meala na háilleacht'
Nach ndearna riamh claon
Is buachaill deas óg mé
'Tá triall chun mo phósta
'S ní buan i bhfad beo mé
Mura bhfaighidh mé mo mhian
A chuisle is a stóirín
Déan réidh agus bí romhamsa
Cionn deireanach den Domhnach
Ar Bhóithrín Dhroim Sliabh
Is tuirseach 's brónach
A chaithimse an Domhnach
Mo hata 'mo dhorn liom
'S mé ag osnaíl go trom
'S mé ag amharc ar na bóithre
'Mbíonn mo ghrá-sa ag gabhail ann
'S í ag fear eile pósta
Is gan í bheith liom
Más canciones de Altan
-
Bog An Lochain / Margaree Reel / The Humours of Westport
Harvest Storm
-
-
Drowsy Maggie / Rakish Paddy / Harvest Storm
Harvest Storm
-
Molly Na Gcuach Ni Chuilleanain
The Best Of Altan - The Songs
-
Molly na gCuach Ní Chuilleannáin
25th Anniversary Celebration
-
Seán sa Cheo / Tuar / Oíche Fheidhmiúil (A Spirited Night)
The Gap of Dreams
-
Gleanntain Ghlas Ghaoth Dobhair
The Best Of Altan - The Songs
-
Uncle Rat
The Blue Idol
-
Adieu, My Lovely Nancy
Local Ground
-
Ten Thousand Miles
The Best Of Altan - The Songs
-
A Bhean Udai Thall
Horse With A Heart
-
Suil Ghorm
The Best Of Altan - The Songs
-
Beidh Aonach Amárach (There's A Fair Tomorrow)
Another Sky
-
The Gap of Dreams / Nia’s Jig / The Beekeeper
The Gap of Dreams
-
Éirigh'S Cuir Ort Do Chuid Éadaigh
Local Ground
-
-
Is the Big Man Within? / Tilly Finn's Reel
Local Ground
-
-
Amhrán Pheadair Bhreathnaigh
Local Ground
-
The Roseville
Local Ground